Clár 0002 - Sampla den leibhéal A2 - Clár Píolóta
Fluentirish.com - Bí ag éisteacht
Release Date: 07/16/2020
Fluentirish.com - Bí ag éisteacht
TEG A1. 01. Ag cur tús leis an rang (Labhairt) https://www.teg.ie/home/%C3%A1bhar-teagaisc.291.html
info_outline Topaic 1 - Gluaiseacht agus deacrachtFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Topaic 1 - Gluaiseacht agus deacracht https://www.teg.ie/_fileupload/teagasc/A1/01/Topaic1-GluaiseachtnaTopaice.pdf
info_outline Intro to TEG A1 - Why we are doing thisFluentirish.com - Bí ag éisteacht
We intro this new course. You can find all transcripts here - Basically I had the idea of recording the TEG A1 course in audio so my kids and people can listen
info_outline Clár 0017 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outline Clár 0016 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outline Clár 0015 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outline Clár 0014 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outline Clár 0013 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outline Clár 0012 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outline Clár 0011 - Nuacht i ngaeilge simpliFluentirish.com - Bí ag éisteacht
Meánleibhéal 1 (B1)
info_outlineThis is a pilot episode - to give an example of the concept and level, Aodhan reads slowly at A2 level.
Tá go leor ceisteanna etiquette pléite ag Nadia Hanover–Jones sna píosaí a
scríobhann sí don nuachtán An Réalta. Ar cheart bronntanas nó airgead a thabhairt do
bheirt atá le pósadh? Ar cheart iarraidh ar dhaoine na bróga a bhaint díobh sula dtagann
siad isteach sa teach? Anois tá na píosaí sin curtha le chéile in aon leabhar amháin: Más é
bhur dtoil é. Tá clú mór ar Nadia i measc lucht na nuachtán, agus bhí mé an-tógtha seans a
fháil labhairt leis an scríbhneoir mór seo faoi dheireadh. Shocraíomar teacht le chéile in
óstán i lár Chorcaí. Bhí mé déanach agus ghabh mé mo leithscéal léi. ‘An trácht i lár na
cathrach…tá a fhios agat féin!’
‘Tá a fhios ag gach duine conas a bhíonn an trácht anseo’ a dúirt Nadia. ‘Sin é an
fáth ar cheart duit imeacht go luath má tá duine eile ag fanacht leat.’
Tháinig an freastalaí agus d’ordaigh mé caife. ‘Tá an freastalaí sin an-mhaith’ a
dúirt Nadia. ‘D’éist sé go cúramach agus níor labhair sé. Is léir nach Éireannach é. Níl na
hÉireannaigh oiriúnach don obair sin, is cuma dá mbeidís sa choláiste ar feadh deich
mbliana.’
‘Hmm,’ arsa mise. ‘Tá roinnt ceisteanna agam ort, a Nadia. Ó, mo leithscéal! An
miste leat má thugaim Nadia ort?’
‘Tá sé ródhéanach an cheist a chur anois’ a dúirt sí. ‘Ó, a Dhia’ arsa mise liom féin
‘beidh orm a bheith cúramach.’
Thóg mé mo leabhar nótaí as mo mhála díreach nuair a bhí an freastalaí ag teacht.
Bhuail mé an pota agus an cupán as a lámha. D’fhéach mé ar Nadia. Ní raibh aon imní
uirthi. ‘Ná gabh do leithscéal’ a dúirt sí. ‘Tá an locht ar an bhfreastalaí. Ní ghabhann bean
uasal a leithscéal riamh.’ Scríobh mé sin síos. Bhí mé ag foghlaim!